Ag Léamh / Reading as Gaeilge

Agus muid go léir sa bhaile anois de bharr an ordú dianghlasála, ceapaim gur deis iontach é píosa Gaeilge a chleachtadh leis na páistí sa theach, nó duit fhéin, chun an teanga a spreagadh le linn na géarchéime seo. Tá an t-ádh orainn go bhfuil an oiread sin leabhair Ghaeilge ann, do chuile aois agus caighdeán Gaeilge. Anuas ar sin, is slí éifeachtach agus idirghníomhach é chun an Ghaeilge a chleachtadh leis na páistí, seachas na leabhair scoile amháin a úsáid (agus níos spraiúla do na daoine aosta freisin). 

Páistí idir 2-6 (nó muna bhfuil ach cúpla focal agat!):

Leabhar pictiúir gleoite é Cá Bhfuil Puifín Beag?, a leanann eachtraí puifín beag fiontrach, agus a tuismitheoirí á lorg.

An Féileacán agus an Rí ceann de na leabhar pictiúir is áille a chonaic mé riamh. Scéal nua den fhinscéal faoi Éadaoin, a athraítear go féileacán, le léaráidí dochreidte ó Shona Shirley MacDonald.

D’fhéadfadh gach duine triail a bhaint as scéalta Peppa cosúil le Aonbheannach Draíochta Peppa a léamh!

Gheobhaidh tú dlúthdiosca leis an leabhar Bliain na nAmhráin, chun éisteacht agus canadh leis na hamhráin a théann trí na séasúr ar fad.

Do pháistí 8+:

Tá gach seans go bhfuil roinnt de na leabhair seo agat as Béarla cheanna féin. Mar sin, déan iarracht iad a léamh as Gaeilge, agus má tá tú i bponc le focal, aimsigh é sa leagan Béarla nó ar líne.

An Billiúnaí Beag, lán le gáire.

Dialann Dúradáin, lán le craic.

Agus don teaghlach ar fad is dócha, Harry Potter agus an Órchloch

Ar dheireadh, déanann Patricia Forde cur síos cumhachtach ar scéal tragóideach de bhuachaill óg d’arb ainm Nizar, agus é mar dídeanaí, nuair a chasann sé le madra, sa leabhair Ar Strae

With everyone at home because of lockdown, I think it’s a great time to practice some Irish with any kids in the house, or for yourself, to re-inspire yourself with the language during this crisis. We’re very lucky to have so many books in Irish, for every age and ability. It’s also an effective and interactive way to practice Irish with children, instead of only using schoolbooks (and more fun for adults too).

For children age 2-6 (or if you only have a few words as Gaeilge!):

Cá Bhfuil Puifín Beag is a lovely picture book following the adventures of a baby puffin, as her parents are looking for her.

An Féileacán agus an Rí is one of the most beautiful picture books I’ve ever seen. A new story of the legend of Éadaoin, who is transformed into a butterfly, with incredible illustrations by Shona Shirley MacDonald.

Everyone can have a go at reading some of the Peppa stories, like Aonbheannach Draíochta Peppa

You’ll get a CD with the Bliain na nAmhráin book, to listen and sing along with songs that go through all the seasons. 

For children aged 8+:

You may already have some of these books in English. So try them out in Irish, and if you get stuck with a word, look to the English version or online!

An Billiúnaí Beag (Billionaire Boy) for lots of laughs.

Dialann Dúradáin (Diary of a Wimpy Kid) for some fun.

And for the whole family, Harry Potter agus an Órchloch (Harry Potter and The Philosopher’s Stone).

Finally, in the book Ar Strae, Patricia Forde tells the powerful story of Nizar, a young refugee boy who meets a dog.

Tá Bríd Ni Chaorthannáin ag déanamh staidéir ar an nGaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Oibríonn sí go phairtaimseartha i siopa leabhar. Spreagann sí an Ghaeilge ó lá go lá. Bríd Roantree is studying Irish in Maynooth University and is a part-time bookseller. She enjoys using Irish in day-to-day life.

Leave a Reply

Site Footer

Sliding Sidebar

Recent Comments